An tIonad Éigeandála um Éigniú, Gaillimh.
Cuireann an tIonad Ghéarchéim Eignithe, Gaillimh, seirbhís chomhairleoireachta agus tacaíochta den scoth ar fáil do mhná agus d’fhir a d’fhulaing mar gheall ar mhí-úsáid ghnéis agus foréigean gnéis. Ar na daoine a dhéanann freastal ar ár seirbhís, tá siad siúd a bhí thíos le mí-úsáid ghnéis agus iad ina bpáiste, daoine a ndearnadh éigniú orthu nó a ndearnadh ionsaí gnéis orthu. Tá an tIonad ag feidhmiú ó 1984 i leith.
Is iad seo a leanas a bhfuil i gceist le mí-úsáid agus ionsaí, a dhéantar ar dhaoine in éadan a dtola:
– iallach curtha orthu breathnú ar ábhar pornagrafach nó éisteacht leis
– iallach curtha orthu breathnú ar ghníomhartha gnéis
– baintear dóibh ar bhealach gnéasach
– baintear dóibh sna baill ghiniúna nó iallach curtha orthu baint do bhaill ghiniúna
– gnéas béil, nó iallach curtha orthu tabhairt faoi ghnéas béil
– deirtear gur éigniú é treá na timpireachta nó na faighne ag méar, ag rud nó ag bod
Féadfaidh gach saghas mí-úsáid ghnéis agus ionsaí gnéis cur isteach ar dhaoine ar feadh tamall fada, go háirithe má tharla a leithéid dóibh agus iad ina bpáiste. D’fhéadfadh aon cheann díobh seo a leanas cur isteach ar dhaoine atá thíos le mí-úsáid ghnéis:
– deacrachtaí caidrimh, go háirithe caidreamh gnéis
– deacrachtaí codlata, tromluithe, spléachtaí siar
– i gcónaí ag smaoineamh faoi mhí-úsáid
– mí-úsáid substaintí nó a bheith tugtha do rudaí eile leis an bpian a mhaolú
– an-bhraistintí feirge, buartha agus náire
– braistintí féinmharfacha agus/nó féindochair
Cloistear cuid mhór bréag faoi fhoréigean gnéis agus faoi ionsaí gnéis •’2d rud a chuireann lagmhisneach ar dhaoine a tháinig slán as seo dul ag cuartú cúnaimh. Tá freagracht orainn an t-eolas ceart a chur ar an bpobal mór i leith na mbréag seo.
Mar shampla, cloistear go mion minic go ndearna na daoine a d’fhulaing de bharr mí-úsáid ghnéis rud éigin as bealach le haird an chiontóra a tharraingt, e.g. an cóiriú a bhí orthu nó a gcuid iompair. Is í an fhírinne lom nach bhfuil sé de cheart ag duine ar bith ionsaí a dhéanamh ar aon duine siocair go bhfuil siad gléasta ar bhealach áirithe.
Bréag eile a chloistear ná gur daoine ‘briste’ nach dtiocfaidh as choíche iad daoine atá thíos le mí-úsáid ghnéis nó daoine a ndearnadh éigniú orthu. Tá sé seo mícheart freisin; tá daoine a tháinig slán as mí-úsáid ghnéis feicthe againn a chuir go mór lena saol de bharr go bhfuair siad tacaíocht, agus is minic a bhí na daoine seo níos sásta agus níos dóchasaí i ndiaidh na tacaíochta ná mar a bhí siad roimh an ionsaí. Ní rud náire é má d’fhulaing tú de bharr mí-úsáid ghnéis, ach is mór an náire é mí-úsáid ghnéis a chur faoi dhuine.
Déan teagmháil linn má tá tú ag fulaingt de bharr mí-úsáid ghnéis nó ionsaí gnéis, agus má theastaíonn tacaíocht uait san am deacair seo. Tá ár gcuid comhairleoirí anseo le cluas agus le tacaíocht a thabhairt duit.
Sa chéad seisiún, déanfaimid plé ar na hábhair seo a leanas: conas mar atá an saol ag cur leat san am i láthair agus do sheasamh sa saol, conas a chur an mhí-úsáid isteach ort, agus an cineál tacaíochta a theastaíonn uait.
Tá ár seirbhís buail isteach ar fáil láithreach bonn. Is é idir 5 agus 6 mhí ar an meán fad an liosta feithimh le haghaidh comhairleoireacht fhadtéarmach. Is féidir linn aistritheoirí a chur in áirithe duit.
Ní bhaineann mórán costais lenár seirbhís chomhairleoireachta. Gearraimid buntáille ar bhonn séasúrach ag brath ar chúrsaí airgeadais na gcliant.
Seirbhísí eile a chuirimid ar fáil:
Grúpaí Tacaíochta
Clár Oideachais, Cosanta agus Spreagtha Feasachta
Líne Chabhrach
Cuideachta chuig seirbhísí, e.g. na Gardaí agus an chúirt
Clinic Dlí a thugann comhairle do chliaint faoi chúrsaí dlí
Clinic tiomanta le haghaidh iarrthóirí tearmainn